Óiche mhaith,
a Dhaideo
Bhí saol iomlán caite ag Daideo, le bean grámhar, Páistí agus garpháistí.
Nuair a bhí sé anonn sna blianta, d’éirigh sé iontach ceanúil ar a ghariníon is óige, Máire, agus chaith siad go leor tráthnónta taitneamhacha ag léamh di,
ag féachaint uirthi agus í ag dul a chodladh.
Oíche amháin, ag éirí tuirseach, chas daideo
a aghaidh go Máire agus dúirt sé, “tá smaoineamh agam.
Táim spíonta anocht, mar sin cén fáth nach léann
tú i m’ionad sa.”
B’aoibhinn le Máire an smaoineamh agus roghnaigh sí
Ceann de na leabhar ab ansa leo.
Ag suí in aice le daideo, a bhí ag luí go
compordach sa leaba, thosaigh sí ag léamh…
Níorbh fhada gur dhún Daideo a shúile
agus thit an codladh air.
Mhúch Máire an solas go ciúin,
Chlaon sí agus phóg sí daideo ar a leiceann agus dúirt sí de chogar, “Oíche mhaith a dhaideo,
is grá liom thú. Codladh sámh.”
Chodail daideo go sámh an oíche sin agus anois
tá sé ar shlí na fírinne.